Stair

Úsáideadh tailte na Páirce Náisiúnta chun móin a bhaint, talmhaíocht a dhéanamh agus d’áineas, lenar áiríodh, iascaireacht, lámhachas agus cnocadóireacht, sular cheannaigh an Stát an ceantar. Tá fianaise le fáil go raibh daoine ina gcónaí ann fadó ar fud Rian Bhaingear, cóngarach don Abhainn Dhubh agus don Tairseachán, áit ina féidir iarsmaí foirgnimh chloiche agus iomairí traidisiúnta a fheiceáil.  Tá iascaireacht agus fiach déanta ag daoine sa cheantar le tréimhse fhada anuas. Úsáideadh lóistí iascaireachta agus féich mar bhunionaid le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin agus tá siad fós le feiceáil lasmuigh den Pháirc.  Dhéantaí fiach ar an bhfia rua dúchasach, a bhíodh le fáil ar fud Shléibhte Néifinn Bheag tráth, i measc speiceas eile.

Fianaise ar mhóin a bheith gearrtha le sleán (cineál de spade le sciathán)

Baineann stair fhada le Rian Bhaingear féin agus d’fhéadfadh sé a bheith chomh sean leis an 16ú haois.  Bhí tiarnaí talún freagrach as an gcuid den rian a bhíodh ar a dtalamh a chothabháil.  Úsáideadh an rian mar an príomhbhealach do dhaoine agus do bheostoc sular tógadh na bóithre nua-aimseartha idir ceantar Bhaingear - Iorrais agus Bhaile Uí Fhiacháin.  Bhaineadh imircigh a bhíodh ag taisteal ó Bhaingear – Iorrais go dtí Cathair na Mart úsáid as an rian seo.

Dair agus struchtúr cloiche d'aois ar an Rian Bhaingear

Dair agus fianaise chónaithe do dhaoine ar an Rian Bhaingear

Páirc Náisiúnta Bhaile Chruaich, Lag Dubh Mór, Baile Chruaich, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo. Guthán: 098-49996 Faics: 098-49017