Fiabheatha
Seo ceann de na córais bhratporthaigh ghníomhaigh dheireanacha atá le fáil in Éirinn agus in Iarthar na hEorpa agus is gné thábhachtach eolaíochta agus scéimhe den Pháirc Náisiúnta é. Sa Pháirc tá réimse gnáthóg agus speicis éagsúla eile a mbaineann tábhacht leo. Áirítear orthu sin, fraochmhá Alpach, ardtalamh féaraigh, fraochmhá agus lochanna agus dobharcheantair abhann. Ar roinnt den fhána tábhachtach a fhaightear laistigh den Pháirc, áirítear an Ghé Bhánéadanach Ghraonlannach, an Fheadóg Bhuí, an Chearc Fhraoigh agus Dobharchúnna. Tá an Pháirc Náisiúnta féin mar chuid de Limistéar Caomhantais Speisialta (LCS) agus Limistéar faoi Chosaint Speisialta (LCS) Choimpléacs na hAbhann Duibhe/Néifinne. Tá na hainmnithe Eorpacha sin mar chuid den Líonra Natura 2000, a chosnaíonn gnáthóga agus speicis annamha thábhachtacha faoi Threoracha an A.E. um Ghnáthóga agus Éin.
Gnáthóga
Tá roinnt mhaith gnáthóg éagsúil le fáil laistigh den Pháirc Náisiúnta. Faightear fraochmhá Alpach ar an mbinn is airde, Sliabh Carr. Áirítear ar ghnáthóga eile, ardtalamh féaraigh, fraochmhá fliuch agus tirim, lochanna, agus an Abhainn Dhubh agus an Tairseachán a shreabhann isteach san fharraige siar ó thuaidh de Bhaile Chruaich. Bratphortach gníomhach an Atlantaigh a chludaíonn an-chuid de limistéar na Páirce atá ina phríomh-ghnáthóg, áfach, agus titeann suas le 2000mm baistí in aghaidh na bliana.
Flóra
Faightear réimse plandaí suimiúla laistigh de ghnáthóg an phortaigh. Áirítear orthu sin, caonaigh sfagnaim, sifín (comhábhar suntasach de bhratphortach an Atlantaigh), fionnán, ceannbhán, cíb cheanngheal, fraoch naoscaí, fraoch cloigíneach, gobsheisc, sciollam na móna, raideog, magairlíní, lus an ghiolla, lus an bhainne, léicin, drúchtíní agus bodán meascáin. Is plandaí feithiditheach iad drúchtín agus bodán meascáin atá tar éis dul in oiriúint don timpeallacht chothaitheach bhochtphortaigh trí fheithidí a ghreamaítear ar a nduilleoga a ghaistiú agus a díleá. Tá mósáic fhorleathan linnte móna le fáil ar an mbratphortach, atá neamhbhunmhar ó thaobh cothaitheach de. Is gnáthóga tábhachtacha iad le haghaidh bachráin. Tá flóra atá forbartha go maith le fáil ar imeall na lochanna, áit nach bhfaightear mórán éagsúlachta i measc na bplandaí. Áirítear orthu sin, plúr an locháin, lus an phíopa, cíb dheise agus luachair bhleibeach. Ar na plandaí annamha a fhaightear sa Pháirc, áirítear milleanna móna, a dtagann bláth air i rith mhí Iúil agus mí Lúnasa. Faightear é sin ar an talamh féaraigh fliuch ar fud bhruacha an Tairseacháin agus na hAbhann Duibhe. Faightear planda annamha eile, an mórán reisc, atá cosanta faoin Ordú um Chosaint Flóra (1999), i mborrfháis ar an mbratphortach, áit ina mbíonn tonnadh aníos cothaitheach chuig an dromchla. Is samplaí iad mórán sléibhe, rú léana Alpach, saileach mhion agus cíb shléibhe de speicis annamha plandaí fraochmhá alpaí, ar taifeadadh iad ar shléibhte na Páirce Náisiúnta. Faightear na plandaí alpacha sin níos minice níos airde i gceantair níos fuaire den Eoraip. Áirítear ar na plandaí is ceannasaí a fhaightear chomh maith ar na ceantair sléibhe, fraoch cloigíneach agus fraoch coiteann, lus na feannóige agus fraochán.
Fána
Ar na speicis mhamaigh a fhaightear sa Pháirc, áirítear an sionnach, an broc, giorria sléibhe, dobharchú agus fiamhinc Mheiriceánach, dallóg fhraoigh agus speicis ialtóige, lena n-áirítear an speicis ialtóige is coitianta a fhaightear in Éirinn, an ialtóg fheascrach. Is féidir fia rua neamhdhúchasach, a tugadh isteach i gceantar Bhéal Átha Chomhraic le blianta beaga anuas, a fheiceáil anois ar imeallacha na Páirce. Tá cónaí ar chait chrainn in bhfáschoillte cónaiféir ar imeall na Páirce. Tá cáil ar an Abhainn Dhubh agus an Tairseachán ó thaobh bradán agus bric ghil de agus faightear bric dhonna sna haibhneacha agus sna lochanna. Cothaíonn dobharchúnna iad féin sna haibhneacha ar eascanna agus bradáin agus feictear anois is arís iad ar an mbratphortach i measc na linnte móna. Is gnáthóg thábhachtach iad na linnte móna d’an-chuid den fhiadhúlra inveirteabrach sa Pháirc. Cothaíonn na céimeanna larbhacha creachóireacha snathaidí móra agus béchuilí gormghlasa iad féin le feithidí uiscí sula gclaochlaíonn siad go dtí snathaidí móra agus béchuilí gormghlasa fásta sciathánacha. Is léiriú maith iad na feithidí dathacha suaithinseacha sin ar éagsúlacht éiceachóras na Páirce. Ar na speicis a fhaightear, áirítear seabhcaí an phortaigh, scimire na sruthlán, ruagaire ceathairbhallach, sciobaire coiteann, sciobaire dubh, an bhrídeog bhandach, goirmín droimriabhach, rinnghorm coiteann, earr-rua an earraigh agus an spré-eiteach coiteann. Seilgeann na snáthaidí móra agus na béchuilí gormghlasa fásta feithidí eile. Beireann roinnt speiceas a n-uibheacha ar deireadh díreach i ngais ghlasra i linnte móna, agus scaipeann speicis eile a n-uibheacha ar fud an uisce.
Tacaíonn an Pháirc Náisiúnta le roinnt speicis éagsúla éan, lena n-áirítear, gaibhne dubha, gobadáin choiteanna, creabhair, breacóga, fuiseoga, riabhóga móna, fiacha dubha, caróga liatha agus ealaí glóracha. Áirítear ar na héin chreiche a fhaightear ann, pocairí gaoithe agus spioróga agus faightear speicis annamha ann chomh maith cosúil le meirliúin agus an fabhcún gorm. Is cuairteoirí geimhridh iad Cromáin na gCearc. Tá cónaí ar chearca fraoighe sa Pháirc agus braitheann siad ar mheascán airdí éagsúla fraoigh. Cuireann fraoch ard clúdach ar fáil ó chreachadóirí agus is bia riachtanach iad gais óga do na héanáin. Baineann speicis níos annaimhe úsáid as an gceantar mar thailte cothaithe gheimhridh nó mar thailte póraithe samhraidh. Is cuairteoirí geimhridh ón nGraonlainn na Géanna Bánéadanacha Graonlannacha agus bíonn siad le fáil ar fud na Páirce ó mhí Dheireadh Fómhair go dtí mí Aibreáin. Cothaíonn siad iad féin ar fhréamhacha ceannbháin agus gobsheisce a fhaightear ar phortach creatha. Is cuairteoirí coitianta iad na Feadóga Buí chuig Éirinn sa gheimhridh ach ní phórann ach pobal beag i rith an tsamhraidh ar cheantair ardthalaimh iarthar na hÉireann, lena n-áirítear Páirc Náisiúnta Bhaile Chraoich.
