Fáilte go dtí láithreán gréasáin na Páirce Náisiúnta Bhaile Chruaich

 

“Indeed the Nephinbeg range of mountains is I think the very loneliest place in this country, for the hills themselves are encircled by this vast area of trackless bog.,…….I confess I find such a place not lonely or depressing but inspiriting. You are thrown at the same time back upon yourself and forward against the mystery and majesty of nature.”

Robert Lloyd Praeger (1937) The Way That I Went

 

 

 

 

 

 

 

 

Is í Páirc Náisiúnta Bhaile Chruaich, a bunaíodh i mí na Samhna 1998, an seú Páirc Náisiúnta de chuid na hÉireann agus tá sí lonnaithe ar chósta an Iarthair in iarthuaisceart Mhaigh Eo. Is éard atá inti 11,000 heictéar bratphortach an Atlantaigh agus tír-raoin shléibhtiúil, a chlúdaíonn fásach fairsing neamháitrithe nach bhfuil millte agus a bhfuil sliabhraon Néifinn Bheag mar phríomhghné ann. Tá Lochanna an Scardáin idir Néifinn Bheag agus Cor Sliabh, atá 721 méadar os cionn leibhéal na farraige, an sliabh is airde de chuid an raoin.

Tá portach na hAbhann Duibhe lonnaithe siar ó na sléibhte. Sin ceann de na córais bhratporthaigh ghníomhaigh dheireanacha atá le fáil in Éirinn agus in Iarthar na hEorpa agus is gné thábhachtach eolaíochta agus scéimhe den Pháirc Náisiúnta é. Sa Pháirc tá réimse gnáthóg agus speicis éagsúla eile a mbaineann tábhacht leo. Áirítear orthu sin, fraochmhá Alpach, ardtalamh féaraigh, fraochmhá agus lochanna agus dobharcheantair abhann. Ar roinnt den fhána tábhachtach a fhaightear laistigh den Pháirc, áirítear an Ghé Bhánéadanach Ghraonlannach, an Fheadóg Bhuí, an Chearc Fhraoigh agus Dobharchúnna. Tá an Pháirc Náisiúnta féin mar chuid de Limistéar Caomhantais Speisialta (LCS) agus Limistéar faoi Chosaint Speisialta (LCS) Choimpléacs na hAbhann Duibhe/Néifinne. Tá na hainmnithe Eorpacha sin mar chuid den Líonra Natura 2000, a chosnaíonn gnáthóga agus speicis annamha thábhachtacha faoi Threoracha an A.E. um Ghnáthóga agus Éin.

Ionad Cuairteoirí Páirc Náisiúnta Bhaile Chruaich

Tá Ionad na gCuariteoirí suite i sráidbhaile Bhaile Chruaich ar an mbóthar N59 idir Mala Raithní agus Bangor Erris.

Ag Taisteal go dtí an Ionad Cuaiteoirí

Ó Baile Uí Fhiacháin

Glac an N59 i dtreo Acla. Taisteal 16 km go dtí an sráidbhaile na Mala Raithní. Tar éis an sráidbhaile tá acomhal agus an N59 a casadh ar dheis agus tá comhartha ar Ionad Cuairteoirí Pháirc Náisiúnta Bhaile Chruaich.

Taisteal 14 km agus teacht ar an Sráidbhaile na Chruaich. Sa sráidbhaile feic go bhfuil comhartha don Ionad Cuairteoirí, casadh ar dheis agus an príombhealach isteach go dtí an Ionad Cuairteoirí, 300 méadar ar thaobh na láimhe deise.

Ó Bangor Erris

Lean an N59 ó dheas, i dtreo na Mala Raithní. Taisteal 17 km go dtí an sráidbhaile Bhaile Chruaich ina bhfuil shíniú ag an acomhal ar Ionad Cuairteoirí, cas ar chlé agus taistil 300 méadar agus is é an príomhbhealach isteach chuig an Ionad Cuairteoirí ar thaobh do láimhe deise.

Ionad Cuairteoirí Páirc Naisiúnta Baile Chruaich

Grianghraf: ROS KAVANAGH PHOTOGRAPHER

Uaireanta Oscailte - Dúnta go dtí Earrach 2012

Bíonn an Ionad Cuairteoirí dúnta go dtí Earrach 2012.

Le haghaidh sonraí atá le fheiceáil agus le dhéanamh ag an Ionad Cuairteoirí cliceáil anseo le do thoil.

Dátaí oscailte agus amanna Seomra Tae atá fós le deimhniú. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an seomra tae cliceáil anseo le do thoil.

Chun fiosruithe faoi an Ionad Cuairteoirí fón 098 49888 le do thoil.

Páirc Náisiúnta Bhaile Chruaich, Lag Dubh Mór, Baile Chruaich, Cathair na Mart, Co. Mhaigh Eo. Guthán: 098-49996 Faics: 098-49017